An Grúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta

Is comhlacht cothrománach de chuid CESE é an Grúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta (FRRL) ar a bhfuil sé de chúram fóram a chur ar fáil d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Eoraip ionas gur féidir leo teacht le chéile agus an measúnú atá déanta acu ar staid na gceart bunúsach, an daonlathais agus an smachta reachta sna Ballstáit a roinnt le chéile.

Ina chuid oibre, díríonn an Grúpa ar na príomhchearta bunúsacha agus ar an smacht reachta atá ábhartha go háirithe don tsochaí shibhialta. Cé go ndéantar sin trí chuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit uile agus trí theagmháil a dhéanamh leis na sochaithe sibhialta ar an leibhéal náisiúnta, is é an cuspóir atá ag an nGrúpa aird a tharraingt ar threochtaí atá ann ar leibhéal na hEorpa le gur féidir bunchloch a chur faoi chumarsáid fhiúntach idir na páirtithe leasmhara go léir.

Tá sé d'aidhm ag an nGrúpa an urraim a chur chun cinn do na luachanna Eorpacha atá liostaithe in Airteagal 2 CAE, sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus sa seicliosta ar an smacht reachta a d'eisigh Coimisiún na Veinéise i gComhairle na hEorpa. Is é an cuspóir atá aige díriú ar na cearta uile – toisc gur cearta dodhealaithe iad na cearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha – agus, i bhfianaise an tsainordaithe atá ag CESE, aird ar leith a thabhairt ar na cearta sin atá barrthábhachtach don tsochaí shibhialta, na comhpháirtithe sóisialta san áireamh: saoirse comhlachais, saoirse comhthionóil, saoirse tuairimí a nochtadh (saoirse na meán san áireamh), an ceart chun neamh-idirdhealú, agus an smacht reachta go ginearálta.

Bunaíodh an Grúpa i mí Eanáir 2018.

Tá na hathruithe is déanaí ar chlár oibre an Ghrúpa le feiceáil sa doiciméad thíos. (doiciméad Word)

Downloads

2024 Country visits Programme
Fundamental Rights and Rule of Law - National developments from a civil society perspective, 2022
Fundamental Rights and Rule of Law - National developments from a civil society perspective, 2020-2021
Fundamental rights and the rule of law - National developments from a civil society perspective, 2018-2019
EESC FRRL Group visits methodology